8 Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”
9 Ach d'fhreagair Dáiví Aibísí: “Ná maraigh é! Óir cé d'fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?
10 Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.
11 Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.”
12 Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus d'imigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu.
13 Ghabh Dáiví anonn go dtí an taobh eile agus stad sé ar bharr an chnoic i bhfad ó bhaile; bhí spás mór eatarthu.
14 Ansin ghlaoigh Dáiví ar an arm agus ar Aibneár mac Néar á rá: “A Aibneár, nach dtabharfaidh tú freagra orm?” “Cé tá ag glaoch ar an rí?” arsa Aibneár.