1 Samúéil 28:15-21 ABN

15 Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?” “Tá suaitheadh mór orm,” arsa Sól, “mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.”

16 D'fhreagair Samúéil á rá: “Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]?

17 Tá déanta ag an Tiarna leat faoi mar gheall sé ó mo bhéalsa a dhéanfadh. Sciob sé an flaitheas as do ghlac agus thug é do do chomharsa, Dáiví,

18 de bhrí nár ghéill tú do ghuth an Tiarna agus nár chuir tú fíoch a fheirge in aghaidh Amáiléic i gcrích. Uime sin a thugann an Tiarna an cor seo ort anois.

19 Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.”

20 Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir.

21 Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: “Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m'anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom.