2 D'fhreagair Dáiví Áicís: “Tá go maith! Beidh a fhios agat cad is féidir le do sheirbhíseach a dhéanamh.” Agus dúirt Áicís le Dáiví: “An-mhaith! Ceapfaidh mé thú mar gharda cosanta orm le do shaol.”
3 Bhí Samúéil tar éis bháis, agus chaoin Iosrael go léir é agus d'adhlacadar é i Rámá, a chathair féin. Bhí na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha ag Sól as an tír.
4 Chruinnigh na Filistínigh le chéile agus shuíodar a gcampa i Siúnaem; agus chuir Sól tionól ar Iosrael go léir agus shuíodar a gcampa i nGiolboa.
5 Nuair a chonaic Sól sluaite na bhFilistíneach, tháinig scanradh air agus bhí sé ar ballchrith.
6 Chuaigh sé i gcomhairle leis an Tiarna, ach freagra ní bhfuair sé trí thaibhreamh, ná tríd an Úirím ná trí fháithe.
7 Ansin dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí asarlaí mná dom le dul chuici agus a comhairle a fháil.” D'fhreagair a ghiollaí. “Tá asarlaí in Éan Dór.”
8 Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t‑aistear chun na mná. “Taispeáin dom,” ar sé, “a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.”