21 Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: “Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m'anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom.
22 Déansa, dá bhrí sin, rud ar do bhanóglach. Leagfaidh mé beagán bia romhat, agus ith é agus bíodh neart éigin ionat ag dul ar d'aistear.”
23 Ach ní dhéanfadh; “Ní íosfaidh mé greim,” ar sé. Ach lean na giollaí orthu, agus an bhean chomh maith leo, ag tathant air, agus ghéill sé dóibh. D'éirigh sé ón talamh, agus shuigh ar an leaba.
24 Bhí gamhain biata sa teach ag an mbean; mharaigh sí é ar an toirt; fuair sí plur agus d'fhuin é agus bhruith builíní slimaráin as;
25 leag sí an bia os comhair Shóil agus a ghiollaí agus d'itheadar é, agus d'éiríodar agus d'imíodar leo an oíche sin.