8 Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t‑aistear chun na mná. “Taispeáin dom,” ar sé, “a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.”
9 D'fhreagair an bhean é: “Tá a fhios agat, ar ndóigh, cad a rinne Sól, conas mar atá na hasarlaithe agus na draoithe díbeartha as an tír aige. Cad a ba áil leat, más ea, ag cur gaiste i bhfearas do m'anam leis an mbás a thabhairt orm?”
10 Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”
11 Ansin dúirt an bhean: “Cé thabharfaidh mé aníos chugat?” “Tabhair Samúéil aníos chugam,” ar sé.
12 Ansin chonaic an bhean Samúéil agus scread sí in ard a cinn, agus dúirt le Sól: “Cén fáth gur chuir tú dallamullóg orm? Is tú Sól!”
13 Dúirt an rí léi: “Na bíodh eagla ort! Cad a fheiceann tú?” “Feicim spiorad ag éirí aníos as an talamh,” ar sí le Sól.
14 “Cén dealramh atá air?” ar sé léi. “Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.” Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d'umhlaigh dó.