1 Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil.
2 Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís.
3 D'fhiafraigh taoisigh na bhFilistíneach: “Cad a thug na hEabhraigh seo anseo?” D'fhreagair Áicís taoisigh na bhFilistíneach: “Nach é seo Dáiví, searbhónta Shóil, rí Iosrael, atá le [bliain nó dhó] anois i mo choimhdeacht. Ní bhfuair mé locht air ón lá a ghabh sé liom go dtí inniu féin.”
4 Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n‑iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo?
5 Nach é seo an Dáiví a gcanaidís ina thaobh ag rince dóibh:‘Mharaigh Sól a mhílte,Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”