12 Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.
13 Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.
14 Uime sin, mionnaím do theaghlach Éilí nach ndéanfaidh íobairt ná ofráil cúiteamh i gcoirpeacht theach Éilí go brách.”
15 D'fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d'oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí,
16 ach ghlaoigh Éilí air agus dúirt: “A Shamúéil, a mhic.” “Seo anseo mé,” ar seisean.
17 “Cén teachtaireacht a thug sé duit?” arsa Éilí, “ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.”
18 D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”