7 Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós.
8 Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D'éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.
9 Dúirt sé le Samúéil: “Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’ ” D'imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin.
10 Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: “A Shamúéil! A Shamúéil!” D'fhreagair Samúéil: “Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”
11 Ansin dúirt an Tiarna le Samúéil: “Táim ar tí beart a dhéanamh in Iosrael a chuirfidh cigilteas ar dhá chluais gach duine a chluinfidh é.
12 Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.
13 Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.