1 Faoin am ar shroich Dáiví agus a chuid fear Zicleag, ar an tríú lá, bhí ionradh déanta ag na hAmailéicigh ar an Neigib agus ar Zicleag. Ghabhadar Zicleag de ruathar agus chuireadar trí thine é,
2 agus ghabhadar na mná agus a raibh ann, idir bheag agus mhór ina mbránna, gan aon duine a mharú, ach na bránna a ghabháil agus imeacht leo.
3 Nuair a shroich Dáiví agus a mhuintir an áit fuaireadar an chathair dóite go talamh, agus a mná agus a gclann mhac agus iníonacha fuadaithe ina mbránna.
4 Ansin chaoin Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis in ard a gcinn go dtí go rabhadar chomh lag sin nárbh fhéidir leo caoineadh a thuilleadh.