11 Fuaireadar Éigipteach sna bánta agus thugadar go Dáiví é. Thugadar arán dó agus d'ith sé é, agus uisce le hól dó.
12 Thugadar blúire de cháca figí dó agus dhá chrobhaing rísíní; d'ith sé an méid sin agus tháinig misneach arís chuige mar ní raibh greim aráin ná deoch uisce caite aige le trí lá agus trí oíche.
13 Ansin chuir Dáiví ceist air: “Cé leis thú?” ar sé, “agus cad as duit?” “Éigipteach óg mé,” ar sé, “daor le hAmailéiceach; d'fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin.
14 Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”
15 Dúirt Dáiví leis: “An dtreoroidh tú síos chun na ceithirne seo mé?” D'fhreagair sé: “Mionnaigh dom dar Dia nach maróidh tú mé, ná mé a thabhairt i láimh mo mháistir, agus treoróidh mé síos chun na ceithirne seo thú.”
16 Nuair a threoraigh sé síos é, b'shiúd iad ansiúd agus iad scaipthe ar fud na dúiche ar fad ag ithe agus ag ól agus ag rince de bharr na creiche móire a bhí tógtha acu as tír na bhFilistíneach agus as tír Iúdá.
17 Bhí Dáiví á dtreascairt ó chlapsholas go tráthnona lá arna mhárach agus chuir sé iad faoin mbang. Níor tháinig aon duine slán ach ceithre chéad óglach a léim ar muin camall agus a theith.