13 Ansin chuir Dáiví ceist air: “Cé leis thú?” ar sé, “agus cad as duit?” “Éigipteach óg mé,” ar sé, “daor le hAmailéiceach; d'fhág mo mhaistir ina dhiaidh mé mar gur buaileadh breoite mé trí lá ó shin.
14 Rinneamar ionradh ar Neigib na gCeiriteach, agus ar Neigib Iúdá, agus ar Neigib Chálaeb, agus chuireamar Zicleag trí thine.”
15 Dúirt Dáiví leis: “An dtreoroidh tú síos chun na ceithirne seo mé?” D'fhreagair sé: “Mionnaigh dom dar Dia nach maróidh tú mé, ná mé a thabhairt i láimh mo mháistir, agus treoróidh mé síos chun na ceithirne seo thú.”
16 Nuair a threoraigh sé síos é, b'shiúd iad ansiúd agus iad scaipthe ar fud na dúiche ar fad ag ithe agus ag ól agus ag rince de bharr na creiche móire a bhí tógtha acu as tír na bhFilistíneach agus as tír Iúdá.
17 Bhí Dáiví á dtreascairt ó chlapsholas go tráthnona lá arna mhárach agus chuir sé iad faoin mbang. Níor tháinig aon duine slán ach ceithre chéad óglach a léim ar muin camall agus a theith.
18 D'fhuascail Dáiví na bránna go léir a ghabh na hAmailéicigh; d'fhuascail Dáiví a bheirt bhan chomh maith.
19 Ní raibh aon ní ar iarraidh, beag ná mór, mic ná iníonacha, creach ná aon ní dár fuadaíodh. Thug Dáiví gach rud ar ais.