18 D'fhuascail Dáiví na bránna go léir a ghabh na hAmailéicigh; d'fhuascail Dáiví a bheirt bhan chomh maith.
19 Ní raibh aon ní ar iarraidh, beag ná mór, mic ná iníonacha, creach ná aon ní dár fuadaíodh. Thug Dáiví gach rud ar ais.
20 Ghabh Dáiví na tréada agus na táinte chomh maith agus thiomáin an pobal an t‑eallach seo roimhe. “Seo creach Dháiví,” a liúdar.
21 Ansin tháinig Dáiví go dtí an dá chéad a bhí rothraochta chun é a leanúint, an mhuintir a fágadh ag sileán Bhasór. Chuadarsan amach in airicis Dháiví agus na bhfear a bhí ina choimhdeacht, agus nuair tháinig Dáiví i gcóngar na ndaoine bheannaigh sé dóibh.
22 Ach na cladhairí agus na bithiúnaigh go léir ar na fir a d'imigh amach le Dáiví, dúradar: “Ní dheachadar inár dteannta, agus ní thabharfaimid dóibh dá bhrí sin aon chuid den chreach a d'fhuasclaíomar, ach gur féidir le gach fear a bhean agus a chlann a bhreith leis agus imeacht.”
23 Ach dúirt Dáiví: “Ná déanaigí aon ní dá short, [tar éis a bhfuil] déanta ag an Tiarna dúinn; chosain sé sinn agus thug sé inár láimh dúinn an cheithearn a rinne foghail orainn.
24 Cé réiteodh libh air sin? Is cuma roinn an té a chuaigh síos chun an chatha nó roinn an té a d'fhan leis an mbagáiste. Is ionann an roinn a gheobhaidh siad.”