2 agus ghabhadar na mná agus a raibh ann, idir bheag agus mhór ina mbránna, gan aon duine a mharú, ach na bránna a ghabháil agus imeacht leo.
3 Nuair a shroich Dáiví agus a mhuintir an áit fuaireadar an chathair dóite go talamh, agus a mná agus a gclann mhac agus iníonacha fuadaithe ina mbránna.
4 Ansin chaoin Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis in ard a gcinn go dtí go rabhadar chomh lag sin nárbh fhéidir leo caoineadh a thuilleadh.
5 Beirt bhan Dháiví, Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil baintreach Nábál ó Chairmeil, bhíodar gafa ina mbránna.
6 Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.
7 Dúirt Dáiví le hAibíátár mac Aichímeilic an sagart: “Tabhair chugam an t‑éafód”; agus thug Aibíátár an t‑éafód go Dáiví.
8 Ansin chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé sa tóir ar an gceithearn seo? An mbéarfaidh mé orthu?” D'fhreagair sé: “Téigh sa tóir orthu; béarfaidh tú orthu go cinnte agus déanfaidh tú na bránna a fhuascailt, déanfaidh tú sin.”