20 Ghabh Dáiví na tréada agus na táinte chomh maith agus thiomáin an pobal an t‑eallach seo roimhe. “Seo creach Dháiví,” a liúdar.
21 Ansin tháinig Dáiví go dtí an dá chéad a bhí rothraochta chun é a leanúint, an mhuintir a fágadh ag sileán Bhasór. Chuadarsan amach in airicis Dháiví agus na bhfear a bhí ina choimhdeacht, agus nuair tháinig Dáiví i gcóngar na ndaoine bheannaigh sé dóibh.
22 Ach na cladhairí agus na bithiúnaigh go léir ar na fir a d'imigh amach le Dáiví, dúradar: “Ní dheachadar inár dteannta, agus ní thabharfaimid dóibh dá bhrí sin aon chuid den chreach a d'fhuasclaíomar, ach gur féidir le gach fear a bhean agus a chlann a bhreith leis agus imeacht.”
23 Ach dúirt Dáiví: “Ná déanaigí aon ní dá short, [tar éis a bhfuil] déanta ag an Tiarna dúinn; chosain sé sinn agus thug sé inár láimh dúinn an cheithearn a rinne foghail orainn.
24 Cé réiteodh libh air sin? Is cuma roinn an té a chuaigh síos chun an chatha nó roinn an té a d'fhan leis an mbagáiste. Is ionann an roinn a gheobhaidh siad.”
25 Ón lá sin amach rinne sé reacht agus dlí de sin in Iosrael, rud atá i bhfeidhm go dtí inniu féin.
26 Nuair a tháinig Dáiví go Zicleag, chuir sé cuid den chreach go seanóirí Iúdá, a chairde, á rá: “Seo bronntanas daoibh as an gcreach a baineadh de naimhde an Tiarna”;