5 Beirt bhan Dháiví, Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil baintreach Nábál ó Chairmeil, bhíodar gafa ina mbránna.
6 Bhí Dáiví an-bhuartha mar go raibh an pobal ag caint ar ghabháil de chlocha ann; bhí an pobal go léir gruama ina gcroí, gach duine ar son a mhac agus a iníonacha féin. Ach fuair Dáiví misneach ón Tiarna a Dhia.
7 Dúirt Dáiví le hAibíátár mac Aichímeilic an sagart: “Tabhair chugam an t‑éafód”; agus thug Aibíátár an t‑éafód go Dáiví.
8 Ansin chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé sa tóir ar an gceithearn seo? An mbéarfaidh mé orthu?” D'fhreagair sé: “Téigh sa tóir orthu; béarfaidh tú orthu go cinnte agus déanfaidh tú na bránna a fhuascailt, déanfaidh tú sin.”
9 Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin leis an sé chéad fear a bhí ina theannta agus shroicheadar sileán Bhasór (agus d'fhan an chuid eile ina ndiaidh).
10 Lean Dáiví air sa tóir ansin le ceithre chéad fear, ach d'fhan dhá chéad ina ndiaidh mar go rabhadar róthraochta chun dul thar sileán Bhasór.
11 Fuaireadar Éigipteach sna bánta agus thugadar go Dáiví é. Thugadar arán dó agus d'ith sé é, agus uisce le hól dó.