3 Ghéaraigh ar an gcath in aghaidh Shóil; fuair na saighdiúirí faill air, agus ghoin na saighdiúirí go trom é.
4 Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.” Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.
5 Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis.
6 D'éag Sól, dá réir sin, agus a thriúr mac agus a ghiolla airm, agus a chuid fear go léir, le chéile an lá céanna.
7 Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.
8 Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a bheirt mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.
9 Theascadar an ceann de, agus bhaineadar a éide chatha anuas de, agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n‑íola agus dá bpobal.