13 Nuair a tháinig sé, bhí Éilí ina shuí ina chathaoir láimh leis an ngeata ag faire an bhóthair mar bhí sé ar ballchrith le himní faoi áirc Dé. Nuair a tháinig an fear seo chun na cathrach leis an scéala, tógadh liú ar fud na cathrach.
14 Chuala Éilí an gheoin agus d'fhiafraigh sé: “Cad a chiallaíonn an liúireach seo go léir?” Bhrostaigh an fear isteach agus thug sé an scéala d'Éilí.
15 Bhí Éilí ocht mbliana nóchad; bhí a shúile calctha agus é gan radharc.
16 Dúirt an fear le hÉilí: “Tháinig mé ón gcath; theith mé ón gcath inniu.” “Cad a tharla, a mhic?” arsa Éilí.
17 D'fhreagair an teachtaire: “Chuir na Filistínigh an teitheadh ar Iosrael. Briseadh go tubaisteach ar an arm; mar bharr ar an donas, tá Hofnaí agus Píneachás, do bheirt mhac, marbh agus tá áirc Dé gafa.”
18 Nuair a luaigh sé áirc Dé, thit Éilí siar dá chathaoir ag an ngeata; briseadh a mhuineál agus fuair sé bás, óir bhí sé aosta, trom. Bhí daichead bliain caite aige mar bhreitheamh ar Iosrael.
19 Bhí bean a mhic, Píneachás, ag iompar clainne agus a hionú ag druidim léi. Nuair a chuala sí gur gabhadh áirc Dé agus go raibh athair a céile agus a céile féin araon marbh, luigh sí síos agus lámhnaigh mar gur tháinig tinneas linbh uirthi.