2 Chóirigh na Filistínigh iad féin chun catha in aghaidh Iosrael; troideadh go dian, agus bhris na Filistínigh ar Iosrael agus maraíodh timpeall ceithre mhíle dá n‑arm ar pháirc an áir.
3 Nuair a d'fhill na fir ar an gcampa, dúirt seanóirí Iosrael: “Cad chuige ar chuir an Tiarna an teitheadh orainn inniu roimh na Filistínigh? Tugaimis áirc chonradh an Tiarna linn ó Shileo d'fhonn go dtiocfadh sé inar measc agus sinn a fhuascailt ó chumhacht ár naimhde.”
4 Uime sin chuir na daoine fios go Sileo agus thugadar leo ón áit sin áirc chonradh Thiarna na Slua, an té atá suite ar na ceiribíní; agus tháinig beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás in éineacht le háirc chonradh Dé.
5 Nuair a tháinig áirc chonradh an Tiarna isteach sa champa, lig Iosrael go léir gáir mhór astu, a bhain macalla as an talamh.
6 Nuair a chuala na Filistínigh an gháir agus an gheoin, dúradar: “Cad is cúis leis an ngáir mhór seo i gcampa na nEabhrach?” Nuair a fuair siad amach gurbh amhlaidh a bhí áirc an Tiarna tagtha go dtí an campa,
7 bhuail eagla na Filistínigh agus dúirt siad: “Tá dia tagtha isteach sa champa. Is mairg dúinn!” ar siad. “Níor tharla a leithéid cheana.
8 Is mairg dúinn! Cé a shaorfaidh sinn ó láimh an dé chumhachtaigh seo? Eisean an dia a bhuail na hÉigiptigh le gach sórt plá san fhásach!