1 Nuair a ghabh na Filistínigh áirc Dé, thugadar leo í ó Eibin Eizir go hAisdeod.
2 Thugadar leo áirc Dé agus d'iompraíodar isteach i dteampall Dhágón í, agus chuireadar síos í láimh le Dágón.
3 D'éirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. D'ardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é.
4 Ach nuair a d'éiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón.