2 Thugadar leo áirc Dé agus d'iompraíodar isteach i dteampall Dhágón í, agus chuireadar síos í láimh le Dágón.
3 D'éirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. D'ardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é.
4 Ach nuair a d'éiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón.
5 Sin é an fáth nach ndéanann sagairt Dhágón ná aon duine eile a théann isteach i dteampall Dhágón, cos a leagan ar thairseach Dhágón in Aisdeod go dtí an lá inniu féin.
6 Luigh lámh an Tiarna go trom ar phobal Aisdeod agus chuir scéin orthu le neascóidí ar fud Aisdeod agus a chríocha.
7 Nuair a chonaic muintir Aisdeod conas mar a bhí, dúradar: “Ná fanadh áirc Dhia Iosrael inár measc mar tá a lámh ag luí go trom orainn féin agus ar Dhágón ár ndia.”
8 Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” D'fhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd.