1 Samúéil 5:6-12 ABN

6 Luigh lámh an Tiarna go trom ar phobal Aisdeod agus chuir scéin orthu le neascóidí ar fud Aisdeod agus a chríocha.

7 Nuair a chonaic muintir Aisdeod conas mar a bhí, dúradar: “Ná fanadh áirc Dhia Iosrael inár measc mar tá a lámh ag luí go trom orainn féin agus ar Dhágón ár ndia.”

8 Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” D'fhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd.

9 Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin.

10 Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: “Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn d'fhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.”

11 Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir” - óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd.

12 An mhuintir nach bhfuair bás, bhris neascóidí amach orthu agus bhí an liú ón gcathair ag dul suas chun neimhe.