17 Ba iad seo na neascóidí óir a d'íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;
18 mar an gcéanna le dealbha na luch de réir líon cathracha Filistíneacha uile na gcúig flatha, idir chathracha daingne agus bhailte gan chosaint. An gallán mór ar ar leagadar áirc an Tiarna, is finné é go dtí an lá inniu i ngort Iósua ó Bhéit Seimis.
19 Mharaigh sé cuid de mhuintir Bhéit Seimis mar gur fhéachadar isteach in áirc an Tiarna; mharaigh sé deichniúr agus trí fichid díobh. Rinne an pobal olagón mar gur bhuail an Tiarna chomh dian iad.
20 Dúirt muintir Bhéit Seimis ansin: “Cé a fhéadfaidh seasamh i láthair an Tiarna an Dia naofa seo? Cé chuige a rachaidh sé suas uainne?”
21 Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: “Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.”