5 Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b'fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír.
6 Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan?
7 Cóirigí carr nua dá bhrí sin agus dhá loilíoch nach ndeachaigh riamh faoin gcuing. Gabhaigí na ba faoin gcarr agus tugaigí a laonna abhaile uathu.
8 Ansin tógaigí áirc an Tiarna, leagaigí ar an gcarr í, agus cuirigí na dealbha óir atá á n‑íoc agaibh dó mar ofráil chiontachta i gcófra lena hais. Ansin scaoiligí léi agus ligigí di imeacht léi.
9 Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d'éirigh sé seo dúinn.”
10 Rinne na daoine amhlaidh. Thugadar leo an dá loilíoch, agus ghabhadar faoin gcarr iad, agus dhún ar a laonna sa bhaile.
11 Leagadar áirc an Tiarna ansin ar an gcarr, leis an gcófra, na lucha óir agus dealbha na neascóidí.