7 Cóirigí carr nua dá bhrí sin agus dhá loilíoch nach ndeachaigh riamh faoin gcuing. Gabhaigí na ba faoin gcarr agus tugaigí a laonna abhaile uathu.
8 Ansin tógaigí áirc an Tiarna, leagaigí ar an gcarr í, agus cuirigí na dealbha óir atá á n‑íoc agaibh dó mar ofráil chiontachta i gcófra lena hais. Ansin scaoiligí léi agus ligigí di imeacht léi.
9 Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d'éirigh sé seo dúinn.”
10 Rinne na daoine amhlaidh. Thugadar leo an dá loilíoch, agus ghabhadar faoin gcarr iad, agus dhún ar a laonna sa bhaile.
11 Leagadar áirc an Tiarna ansin ar an gcarr, leis an gcófra, na lucha óir agus dealbha na neascóidí.
12 Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis.
13 Bhí muintir Bhéit Seimis ag baint fómhar na cruithneachta sa ghleann: d'ardaíodar a súile agus chonaiceadar an áirc agus chuir an radharc sin lúcháir orthu.