1 Nuair a chuaigh Samúéil in aois, cheap sé a bheirt mhac ina mbreithiúna ar Iosrael.
2 Bhí Ióél mar ainm ar a chéadghin agus Aibiá ar an dara fear; ba bhreithiúna iad i mBéar Seaba.
3 Ach níor lean a chlann mhac ina choiscéimeanna; ghabhadar an cosán claon chun airgid; ghlacaidís breabanna, agus thugaidís claonbhreith.
4 Chruinnigh seanóirí uile Iosrael i gceann a chéile agus tháinig siad go dtí Samúéil i Rámá.
5 “Féach,” ar siad leis, “tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.”
6 Níor thaitin sé le Samúéil go ndúirt siad: “Tabhair rí dúinn chun sinn a rialú,” agus ghuigh sé chun an Tiarna.