12 Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad.
13 Tógfaidh sé bhur n‑iníonacha le bheith ina gcumhránaithe agus ina gcócairí, agus ina mbáicéirí.
14 Tógfaidh sé togha bhur ngort agus bhur bhfíonghort agus bhur ngort ológ, agus tabharfaidh sé dá sheirbhísigh iad.
15 Tógfaidh sé deachú de bhur ngrán agus de bhur bhfíonghoirt agus tabharfaidh sé í dá mhaoir agus dá oifigigh.
16 Tógfaidh sé bhur searbhóntaí fear agus ban, agus togha bhur n‑eallaigh agus bhur n‑asal, agus cuirfidh sé i mbun oibre dó féin iad.
17 Tógfaidh sé deachú de bhur gcaoirigh agus beidh sibhse in bhur ndaoir aige.
18 An lá sin glaofaidh sibh amach os ard mar gheall ar an rí a thoghfaidh sibh daoibh féin, ach ní éisteoidh an Tiarna libh an lá sin.”