5 “Féach,” ar siad leis, “tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.”
6 Níor thaitin sé le Samúéil go ndúirt siad: “Tabhair rí dúinn chun sinn a rialú,” agus ghuigh sé chun an Tiarna.
7 Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu.
8 Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin - thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile - tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa.
9 Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.”
10 D'inis Samúéil a raibh ráite ag an Tiarna do na daoine a bhí ag iarraidh rí air.
11 Dúirt sé: “Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach.