8 Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin - thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile - tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa.
9 Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.”
10 D'inis Samúéil a raibh ráite ag an Tiarna do na daoine a bhí ag iarraidh rí air.
11 Dúirt sé: “Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach.
12 Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad.
13 Tógfaidh sé bhur n‑iníonacha le bheith ina gcumhránaithe agus ina gcócairí, agus ina mbáicéirí.
14 Tógfaidh sé togha bhur ngort agus bhur bhfíonghort agus bhur ngort ológ, agus tabharfaidh sé dá sheirbhísigh iad.