10 Ansin dúirt Sól lena shearbhónta: “Is maith a dúirt tú é! Téanam agus ar aghaidh linn!” Agus d'imíodar go dtí an chathair ina raibh an giolla Dé.
11 Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: “An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?”
12 D'fhreagair na cailíní: “Tá. Tá sé díreach romhaibh. Brostaigí. Tá sé díreach tagtha isteach sa chathair mar beidh íobairt ar an ardionad ag an bpobal inniu.
13 Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”
14 Ghabhadar suas chun na cathrach, dá bhrí sin, agus ag dul an geata isteach dóibh, chonaic siad Samúéil ag teacht amach ina dtreo agus é ar an tslí suas don ardionad.
15 Bhí foilsiú tugtha ag an Tiarna do Shamúéil an lá sular tháinig Sól, á rá:
16 “Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”