19 D'fhreagair Samúéil Sól: “Mise fear na bhfíseanna. Gabh suas romham don ardionad. Íosfaidh sibh bia liomsa inniu. Scaoilfidh mé uaim thú ar maidin amárach agus inseoidh mé duit a bhfuil ar d'intinn agat.
20 Na hasail úd a chuaigh ar strae trí lá ó shin, ná cuiridís aon imní ort, óir fuarthas iad. Agus cé a bhfuil gach is díol dúile in Iosrael i ndán dó, mura duitse agus do theaghlach uile d'athar?”
21 D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”
22 Ansin rug Samúéil Sól agus a shearbhónta isteach sa halla agus chuir iad ina suí mar a raibh onóir acu thar an gcuid eile a fuair cuireadh; bhí deichniúr ar fhichid nó mar sin díobhsan ann.
23 Dúirt Samúéil leis an gcócaire: “Tabhair leat amach an chuid a thug mé duit, a ndúirt mé leat faoi: ‘Cuir i leataobh é!’ ”
24 Thug an cócaire an chos agus an t‑eireaball méith leis dá bhrí sin, agus leag os comhair Shóil á rá: “Féach, tá an chuid a coimeádadh á chur romhat. Ith é sin mar coimeádadh duit é go dtí an t‑am a cinneadh le go n‑íosfá é in éineacht leis an dream a fuair cuireadh!” D'ith Sól bia dá bhrí sin an lá sin in éineacht le Samúéil.
25 Thángadar anuas ón ardionad go dtí an chathair. [Cóiríodh leaba do Shól ar dhíon an tí agus chuaigh sé a chodladh inti.]