1 Samúéil 9:7-13 ABN

7 Ansin dúirt Sól lena sheirbhíseach: “Ach má théimid ann céard is féidir dúinn a thabhairt chun an duine? Tá an t‑arán inár málaí caite, agus níl aon bhronntanas le tabhairt againn chun an ghiolla Dé. Céard atá againn?”

8 D'fhreagair an seirbhíseach Sól arís: “Féach,” ar sé, “tá ceathrú seicil airgid anseo agam. Tabharfaidh mé don ghiolla Dé é agus tabharfaidh sé eolas na slí dúinn.”

9 (Sa seansaol in Iosrael nuair a théadh duine ag lorg faisnéise ó Dhia, deireadh sé: “Tar, téanam go dtí fear na bhfíseanna,” mar an té ar a dtugtar fáidh anois thugtaí fear na bhfíseanna air fadó.)

10 Ansin dúirt Sól lena shearbhónta: “Is maith a dúirt tú é! Téanam agus ar aghaidh linn!” Agus d'imíodar go dtí an chathair ina raibh an giolla Dé.

11 Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: “An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?”

12 D'fhreagair na cailíní: “Tá. Tá sé díreach romhaibh. Brostaigí. Tá sé díreach tagtha isteach sa chathair mar beidh íobairt ar an ardionad ag an bpobal inniu.

13 Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”