6 Ghabh Solamh suas ansiúd ar an altóir chré-umha, a bhí taobh le Both na Teagmhála, i bhfianaise an Tiarna, agus d'ofráil míle ofráil uileloiscthe uirthi.
7 Thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh an oíche sin agus dúirt: “Cibe rud is main leat a fháil uaim iarr orm é.”
8 D'fhreagair Solamh Dia: “Thaispeáin tú barr cineáltais go buan do Dháiví, m'athair; agus rinne tú rí díomsa i gcomharbacht air.
9 A Thiarna, a Dhia, tá an gealltanas a thug tú do Dháiví m'athair comhlíonta anois mar rinne tú rí díom ar phobal atá chomh líonmhar le deannach na talún.
10 Tabhair dom anois eagna agus tuiscint le mo phobal a threorú óir cé a d'fhéadfadh pobal chomh mór leis seo a rialú?”
11 Dúirt Dia le Solamh: “De bhrí gurb é seo a bhí i do chroí agus a d'iarr tú, agus nach saibhreas, ná stór, ná onóir, ná bás do naimhde, ná fiú fad saoil, ach eagna agus tuiscint duit féin, le mo phobal ar ar chuir mé thú mar rí a rialú,
12 uime sin tá eagna agus tuiscint á mbronnadh ort. Tabharfaidh mé duit chomh maith, saibhreas agus maoin agus onóir, nach raibh a leithéid ag aon duine de na ríthe a bhí ann romhat agus nach mbeidh ag aon duine i do dhiaidh.”