2 Croinicí 5 ABN

An Áirc á Cur sa Teampall

1 Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Dáiví a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall Dé.

2 Ansin chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael agus taoisigh na dtreibheanna agus cinn finí phobal Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, cathair Dháiví.

3 Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh sa seachtú mí le linn na féile.

4 Agus tháinig seanóirí Iosrael ar fad agus thug na Léivítigh suas an áirc;

5 thug siad an áirc suas agus Both na Teagmhála agus na soithí naofa a bhí inti; d'iompair na sagairt agus na Léivítigh leo suas iad.

6 Solamh rí agus pobal uile Iosrael a bhí bailithe le chéile in éineacht leis os comhair na háirce, rinne siad caoirigh agus daimh gan líon gan áireamh a íobairt.

7 Thug na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.

8 San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní ar leathadh mar scáth os cionn na háirce agus a cuaillí.

9 Bhíodarsan chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit shárnaofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh.Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu féin.

10 Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá chlár a chuir Maois inti i Horaeb, áit a ndearna an Tiarna conradh leis na hIosraelaigh nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.

11 Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir,Na sagairt go léir a bhí i láthair, cibé ord lenar bhain siad, bhí siad tar éis iad féin a naomhú.

12 Na cantairí Léivíteacha go léir, Ásáf, Héamán, Iadútún, agus a gclann mhac agus a ndeartháireacha, sheas siad lastoir den altóir, agus iad gléasta i línéadach mín ag seinm ciombal, cláirseach agus cruiteanna, agus céad agus a fiche sagart ag comhsheinm leo ar an stoc.

13 Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna d'aonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna:“Óir is maith é,agus maireann a bhuanghrá de shior,”líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna.

14 De bharr an néil seo níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais; bhí Teampall Dé lán de ghlóir an Tiarna.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36