2 Croinicí 19 ABN

Leasú Creidimh

1 D'fhill Iahóiseáfát rí Iúdá abhaile slán folláin go Iarúsailéim.

2 Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?

3 Tá maitheas éigin ionat mar sin féin mar go bhfuil na cuaillí naofa scriosta as an tír agat, agus tá do chroí dírithe agat ar thóraíocht Dé.”

4 Tar éis tamaill a chaitheamh in Iarúsailéim, thug Iahóiseáfát cuaird ar a phobal ó Bhéar Seaba go hardáin Eafráim, lena dtabhairt ar ais chuig an Tiarna, Dia a sinsear.

5 Cheap sé breithiúna ar fud na tíre i gcathracha daingne Iúdá go léir ceann ar cheann.

6 Dúirt sé leis na breithiúna: “Machnaigí ar bhur ndualgais, mar níl sibh le breith a thabhairt in ainm daoine, ach in ainm an Tiarna; agus bíonn seisean in éineacht libh agus sibh ag tabhairt breithe.

7 Bíodh eagla an Tiarna oraibh anois; tugaigí aire dá mbíonn idir lámha agaibh, mar níl aon bhaint ag an Tiarna ár nDia le calaois ná leathchuma ná le breaba a ghlacadh.”

8 Cheap Iahóiseáfát Léivítigh agus sagairt agus cinn finí Iosraelacha in Iarúsailéim le breith a thabhairt in ainm an Tiarna agus caingne a réiteach. Bhí [a gcúirt acu] in Iarúsailéim,

9 agus thug Iahóiseáfát na treoracha seo leanas dóibh: “Comhlíonaigí bhur ndualgais le heagla an Tiarna, go dílis dúthrachtach.

10 Cibé aighneas a chuirfear faoi bhur mbráid ó bhur mbráithre atá ag cur fúthu ina gcathracha - is cuma an ceist faoi éiric fola é nó faoin dlí, nó faoi aithne nó ordú, nó reacht - ní foláir daoibh iad a theagasc sna cúrsaí sin i dtreo nach mbeidh siad ciontach i láthair an Tiarna, agus nach dtiocfaidh a fhearg oraibh féin agus ar bhur mbráithre. Déanaigí amhlaidh agus ní bheidh sibh ciontach.

11 Beidh Amairiá an t‑ardsagart i gceannas agaibh ar chúraimí an Tiarna go léir, agus Zabaidiá mac Ismeáéil, reachtaire theaghlach Iúdá, i gcúraimí an rí. Beidh na Léivítigh agaibh mar scríobhaithe. Bíodh misneach agaibh agus cuirigí na treoracha sin i gcrích, agus beidh an Tiarna ansiúd leis an rath a chur oraibh.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36