1 Thosaigh Solamh ansin ar theach an Tiarna a thógáil in Iarúsailéim ar Shliabh Mhóiriá mar a raibh fís ag Dáiví a athair. Sin é an áit a bhí ceaptha ag Dáiví, urlár buailte Ornán an Iabúsach.
2 Thosaigh sé ag tógáil an dara mí den cheathrú bliain dá réimeas.
3 Seo iad na tomhais a bhí ag Solamh do thógáil theach Dé: trí fichid banlámh ar fad - banlámh den seanchaighdeán - agus fiche banlámh ar leithead.
4 Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad, ar feadh leithead an Teampaill, agus bhí sé céad agus a fiche banlámh ar airde. Rinne sé é a chumhdach laistigh le hór fíre.
5 Rinne sé an halla mór a líneáil le cufróg agus a chumhdach le hór fíre agus a mhaisiú le pailmeacha agus le slabhraí.
6 Mhaisigh sé an halla le clocha luachmhara an-áille. Ór Parváím an t‑ór.
7 Rinne sé an halla go léir - na fraitheacha, na tairseacha, na ballaí, agus na doirse - a chumhdach leis an ór. Ghrean sé ceiribíní ar na ballaí.
8 Ansin thóg sé an áit shárnaofa; bhí sé fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an halla mhóir, agus fiche banlámh ar leithead. Rinne sé é a chumhdach le sé chéad tallann d'ór fíre.
9 Mheáigh na tairní óir caoga seicil. Chumhdaigh sé na seomraí uachtair freisin le hór.
10 Rinne sé dhá cheiribín de mhiotal saothraithe san áit shárnaofa agus chumhdaigh sé iad le hór.
11 Leath sciatháin na gceiribíní fiche banlámh, cúig bhanlámh i bhfad gach sciatháin díobh, agus aon sciathán amháin de gach ceann díobh ag baint le balla an halla, agus an sciathán eile ag baint le sciathán an cheiribín eile.
12 Cúig bhanlámh i bhfad aon sciathán amháin cheiribín agus é ag baint le balla na halla; an dara sciathán cúig bhanlámh ar fhad agus é ag baint le sciathán an cheiribín eile.
13 Fiche banlámh a shín sciatháin na gceiribíní. Sheas siad ar a gcosa agus a n‑aghaidh ar halla an Teampaill.
14 Rinne sé an fial d'éadach corcra, craorag, dearg, agus de líon mín. Ghrean sé ceiribíní air.
15 Os comhair an halla, rinne sé dhá cholún tríocha cúig banlamh ar airde agus ar bharr gach cinn díobh mullach de chuig bhanlámh.
16 Sa sanctóir istigh rinne sé triopaill agus chuir sé ar bharr na gcolún iad; rinne sé céad pomagránait agus ghreamaigh de na triopaill iad.
17 Chuir sé suas na colúin os comhair halla an Teampaill, ceann ar dheis, agus ceann ar chlé. Thug sé Iácaín ar an gcolún ar dheis agus Boaz ar a pháirtí ar chlé.