2 Croinicí 4 ABN

1 Rinne sé altóir chré-umha, fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus deich mbanlámh ar airde.

2 Rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne.

3 Timpeall uirthi go léir thíos fúithi, bhí ainmhithe mar a bheadh daimh; ghabh siad timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh, agus na daimh ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.

4 Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n‑aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n‑aghaidh siar, trí cinn agus a n‑aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n‑aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthusan, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile.

5 Bhí sí dorn ar tiús agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth. Bhí lán trí mhíle folcadán inti.

6 Rinne sé deich mbáisíní agus leag cúig cinn díobh ar dheis, agus cúig cinn ar chlé, le haghaidh an íobartaigh don uileloscadh a ní ansiúd; ba do na sagairt le hionladh inti an mhuir.

7 Rinne sé na deich gcoinnleoirí óir mar a bhí leagtha síos agus chuir sé suas iad i halla an Teampaill, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé.

8 Rinne sé deich gcinn de bhoird, agus chuir i halla an Teampaill iad, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé. Rinne sé céad babhla óir.

9 Rinne sé cúirt na sagart, agus an chúirt mhór, agus geataí na cúirte agus chumhdaigh sé na geataí le cré-umha.

10 Chuir sé an mhuir ar dheis beagán sa chúinne thoir ó dheas den Teampall.

11 Rinne Húrám na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Thug sé an obair go léir a rinne sé don rí Solamh i gcomhair Theampall Dé chun críche:

12 an dá cholún, an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún, an dá shraith fhiolagráin ag cumhdach an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún;

13 an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fiolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fiolagráin in dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach);

14 na [deich] seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin;

15 an aon mhuir agus an dá dhamh dhéag faoin muir;

16 na luaithreáin, na sluaistí, na gabhla agus na gréithe go léir a ghabh leo siúd a rinne Húrám Áibí de chré-umha líofa do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.

17 Rinne an rí iad seo trí ghaineamhtheilgean i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Zaraedá.

18 Rinne Solamh an oiread sin de na gréithe sin go léir nár tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha a chuaigh iontu.

19 Rinne Solamh na gréithe go léir a bhí i dTeampall Dé: an altóir óir, na boird do bhuilíní na láithreachta,

20 na coinnleoirí lena lóchrainn d'ór fíre le lasadh os comhair an tsanctóra mar a ordaíodh;

21 na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn, agus an teanchair, d'ór fíre;

22 na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, na túisteáin, d'ór fíre; doras an Teampaill, na doirse inmheánacha don áit shárnaofa, agus doirse halla an Teampaill, d'ór fíre.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36