2 Croinicí 14 ABN

Síocháin i dTús Réimeas Ásá

1 Rinne Ásá an ceart agus an chóir i bhfianaise an Tiarna a Dhia.

2 Chuir sé deireadh leis na haltóirí deoranta agus leis na hardionaid, leag sé anuas na colúin agus ghearr anuas na cuaillí naofa,

3 agus d'áitigh sé ar Iúdá an Tiarna a nDia a thóraíocht agus idir dhlí agus aithne a chomhlíonadh.

4 Dhíbir sé na hardionaid agus na haltóirí túise as gach cathair in Iúdá. Bhí síocháin sa ríocht faoina réim.

5 D'atóg sé cathracha daingne Iúdá, mar bhí an tír faoi shíocháin gan aon chogadh na blianta sin mar dheonaigh an Tiarna síocháin dó.

6 “Déanaimis na cathracha seo a atógáil,” ar sé le Iúdá, “agus cuirimis ballaí agus túir, geataí agus sparraí, timpeall á gcosaint. Fágfar an tír seo fúinn mar lorgamar an Tiarna ár nDia; lorgamar é agus thug sé síocháin dúinn ar gach taobh.” Rinneadar an tógáil dá bhrí sin agus bhí an rath orthu.

7 Bhí arm de thrí chéad míle fear ó Iúdá le sciatha agus gathanna ag Ásá; agus dhá chéad ochtó míle fear ó Bhiniáimin a d'iompair sciath agus a láimhseáil bogha; gaiscígh thréana iadsan go léir.

Ionsaí Zearach

8 Tháinig Zearach an Cúiseach le harm milliún fear agus trí chéad carbad amach ina gcoinne agus tháinig sé chomh fada le Máraeiseá.

9 Chuaigh Ásá amach ina gcoinne agus chuir cóiriú catha ar a shluaite i nGleann Zafátá ag Máraeiseá.

10 Ghlaoigh Ásá chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “ní féidir le haon duine ach tusa seasamh leis an lag in aghaidh an láidir. Cabhraigh linn, a Thiarna ár nDia, mar tá muinín againn asat, agus is i d'ainmse atáimid ag dul in aghaidh an tslua seo. A Thiarna, is tú ár nDia; fágadh an duine gach ní fútsa.”

11 Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh.

12 Chuir Ásá agus a lucht leanúna tóir orthu chomh fada le Gearár. Thit na Cúisigh ar lár i dtreo nár fágadh fear inste scéil mar treascraíodh iad roimh an Tiarna agus a shlua. Chruinníodar a lán creiche,

13 agus chloíodar na cathracha go léir timpeall ar Ghearár mar bhí eagla an Tiarna orthusan. Chreach siad iad go léir mar bhí a lán éadála iontu.

14 D'ionsaíodar freisin bothanna lucht an eallaigh agus thugadar leo raidhse caorach agus camall; agus ansin d'fhilleadar ar Iarúsailéim.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36