2 Croinicí 36 ABN

Deireadh leis an Ríocht

1 Thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinne siad rí de in Iarúsailéim i gcomharbacht ar a athair.

2 Bhí Iahóácház trí bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim.

3 Bhain rí na hÉigipte an choróin de in Iarúsailéim agus leag sé cáin de chéad tallann airgid agus tallann óir ar an tír.

4 Ansin rinne rí na hÉigipte rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim d'Eiliácaím, deartháir Iahóácház, agus d'athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug Neaco a dheartháir Iahóácház leis agus thug go dtí an Éigipt é.

5 Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia.

6 Rinne Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ionsaí air, chuir geimhleacha air, agus thug leis go dtí an Bhablóin é.

7 Thug Nabúcadnazar leis go dtí an Bhablóin chomh maith cuid de ghréithe Theampall an Tiarna agus chuir ina phálás sa Bhablóin iad.

8 An chuid eile de stair Iahóiácaím, na nithe náireacha a rinne sé, agus a fuarthas amach faoi, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá. Tháinig Iahóiácaín a mhac i gcomharbacht air.

9 Bhí Iahóiácaín ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí bliana agus deich lá i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

10 In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.

11 Bhí Zidicíá bliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim.

12 Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, a Dhia. Níor umhlaigh sé é féin i láthair Irimia an fáidh a labhair ó bhéal an Tiarna féin.

13 Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.

14 Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim.

15 An Tiarna, Dia a n‑aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe.

16 Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.

17 Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.

18 Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.

19 Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir.

20 Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.

21 Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: “Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.”

22 Chun go gcomhlíonfaí an focal úd a dúirt an Tiarna trí bhéal Irimia, an chéad bhliain dá raibh Cíoras i gcoróin na Peirse, spreag an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse i dtreo gur chuir sé fógra amach ar fud a ríochta go léir agus gur chuir sé é i scríbhinn freisin, mar leanas:

23 “Seo mar a deir Cíoras rí na Peirse: ‘An Tiarna, Dia neimhe, thug sé ríochtaí uile an domhain dom agus chuir sé do chúram orm teach a thógáil dó in Iarúsailéim in Iúdá. Duine ar bith dá phobal atá in bhur measc, go raibh an Tiarna a Dhia leis! Téadh sé suas!’ ”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36