1 Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí.
2 Nuair a chuala Iarobám mac Nabát an scéal - bhí sé san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí - d'fhill sé ón Éigipt.
3 Chuir siad fios air agus ghlaoigh siad air agus tháinig sé agus [an comhthionól] go léir in éineacht leis, agus dúirt siad le Rachabám:
4 “Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d'athar, agus a chuing atá go trom orainn, agus déanfaimid seirbhís duit.”
5 Dúirt sé leo: “Tagaigí ar ais chugam faoi cheann trí lá.” D'imigh na daoine leo.
6 Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “a mholfadh sibh ba chóir dom a thabhairt ar an muintir seo?”
7 “Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,” ar siad, “agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”