11 Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”
12 An tríú lá tháinig Iarobám agus an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d'ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.”
13 Thug an rí freagra garbh orthu gan aon aird a thabhairt ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó.
14 Labhair Rachabám leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.”
15 Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag Dia ionas go gcomhlíonfadh an Tiarna an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát.
16 Nuair a chonaic Iosrael go léir nár thug an rí aon aird orthu, d'fhreagair an pobal an rí:“Cén chuid atá againn i nDáiví?Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise.Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael, gach duine agaibh.Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!”Agus d'imigh Iosrael go léir leo chun a mbothanna.
17 Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá.