5 Dúirt sé leo: “Tagaigí ar ais chugam faoi cheann trí lá.” D'imigh na daoine leo.
6 Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “a mholfadh sibh ba chóir dom a thabhairt ar an muintir seo?”
7 “Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,” ar siad, “agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”
8 Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh, a d'fhás suas leis féin, a bhí ina sheirbhís.
9 “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt ar an muintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?”
10 Agus d'fhreagair an dream óg a d'fhás suas leis agus dúirt leis: “Tabhair an freagra seo ar an muintir úd a dúirt: ‘Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú dúinn’ - abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m'athar.
11 Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”