19 Rug sí clann mhac dó: Ieúis, Seamairiá agus Záham.
20 Ina diaidh sin ghlac sé Mácá iníon Aibseálóm mar chéile agus rug sí Aibíá, Atai, Zízeá, agus Sealomaít.
21 Thug Rachabám grá do Mhácá iníon Aibseálóm thar a mhná agus a leannáin go léir. Bhí, dála an scéil, ocht mbean déag aige agus trí fichid leannán, agus bhí ochtar mac ar fhichid aige agus trí fichid iníon.
22 Cheap Rachabám Aibíá mac Mhácá ina cheann fine, mar thaoiseach ar a bhráithre, mar gur mhian leis rí a dhéanamh de.
23 Rinne sé a ghnó go críonna agus scaip sé cuid dá chlann mhac ar fud críocha Iúdá agus Bhiniáimin go léir agus sna cathracha daingne go léir agus thug sé lón go leor dóibh. Ach théadh sé i gcomhairle lena lán déithe de chuid a bhan.