2 Ach tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá, an giolla Dé, agus dúirt:
3 “Abair é seo le Rachabám, mac Sholaimh, rí Iúdá, agus leis na hIosraelaigh go léir in Iúdá agus i mBiniáimin:
4 Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí chun troda in aghaidh bhur mbráithre. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” D'éisteadar le briathar an Tiarna agus d'fhilleadar in ionad máirseáil in aghaidh Iarobám.
5 Chuir Rachabám faoi in Iarúsailéim agus thóg sé cathracha daingne in Iúdá.
6 D'atóg sé Beithil agus Éatám agus Teacóá
7 agus Béit Zúr agus Sócó agus Adulám
8 agus Gat agus Máraeiseá agus Zíf