5 Chuir Rachabám faoi in Iarúsailéim agus thóg sé cathracha daingne in Iúdá.
6 D'atóg sé Beithil agus Éatám agus Teacóá
7 agus Béit Zúr agus Sócó agus Adulám
8 agus Gat agus Máraeiseá agus Zíf
9 agus Adóraím agus Láicís agus Azaecá
10 agus Zorá agus Aiálón agus Heabrón, cathracha daingne in Iúdá agus i mBiniáimin.
11 Dhaingnigh sé na dúnta agus chuir ceannasaithe iontu agus stórais bhia agus ola agus fíona.