6 D'atóg sé Beithil agus Éatám agus Teacóá
7 agus Béit Zúr agus Sócó agus Adulám
8 agus Gat agus Máraeiseá agus Zíf
9 agus Adóraím agus Láicís agus Azaecá
10 agus Zorá agus Aiálón agus Heabrón, cathracha daingne in Iúdá agus i mBiniáimin.
11 Dhaingnigh sé na dúnta agus chuir ceannasaithe iontu agus stórais bhia agus ola agus fíona.
12 Chuir sé sciatha agus gathanna sna cathracha go léir agus neartaigh sé go mór iad le Iúdá agus Biniáimin a choimeád faoi smacht.