8 agus Gat agus Máraeiseá agus Zíf
9 agus Adóraím agus Láicís agus Azaecá
10 agus Zorá agus Aiálón agus Heabrón, cathracha daingne in Iúdá agus i mBiniáimin.
11 Dhaingnigh sé na dúnta agus chuir ceannasaithe iontu agus stórais bhia agus ola agus fíona.
12 Chuir sé sciatha agus gathanna sna cathracha go léir agus neartaigh sé go mór iad le Iúdá agus Biniáimin a choimeád faoi smacht.
13 D'fhág na sagairt agus na Léivítigh go léir na háiteanna ina raibh siad ar fud Iosrael agus thángadar chun cónaithe in aice leis.
14 Thréig na Léivítigh a dtailte féaraigh agus a ngabháltais agus tháinig siad go Iúdá agus Iarúsailéim, mar dhíbir Iarobám agus a mhic iad as sagartacht an Tiarna,