1 Agus a luaithe a bhí a údarás ríoga bunaithe go daingean, rinne sé féin agus Iosrael go léir chomh maith dlí an Tiarna a thréigean.
2 Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim mar go rabhthas mídhílis don Tiarna;
3 bhí dhá chéad déag carbad agus trí fichid míle marcach, agus líon gan áireamh ón Éigipt ina theannta - Libiaigh, Suicím agus Aetópaigh.
4 Ghabh sé cathracha daingne Iúdá agus tháinig chomh fada le Iarúsailéim.
5 Thionól Rachabám agus ceannairí Iúdá láimh le Iarúsailéim nuair a bhí Síseac ag bagairt, agus tháinig an fáidh Seamaiá chucu agus dúirt sé leo: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Thréig sibhse mise, agus dá bhrí sin d'fhág mise sibhse i láimh Shíseac.’ ”