13 Dhaingnigh Rachabám a fhlaitheas in Iarúsailéim agus bhí faoi réim ann. Bhí Rachabám bliain agus daichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael go léir a thogh an Tiarna lena ainm a lonnú ann. Námá, an tAmónach mná, ab ainm dá mháthair.
14 Rinne sé an t‑olc mar nár luigh sé ó chroí le tóraíocht an Tiarna.
15 An chuid eile de stair Rachabám ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa in Annála Sheamaiá an fáidh, agus Ideo an físí, faoi eagrú na Léivíteach agus faoin tsíorchogaíocht idir Rachabám agus Iarobám?
16 Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví, a athair, agus tháinig a mhac Aibíá i gcomharbacht air.