2 Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim mar go rabhthas mídhílis don Tiarna;
3 bhí dhá chéad déag carbad agus trí fichid míle marcach, agus líon gan áireamh ón Éigipt ina theannta - Libiaigh, Suicím agus Aetópaigh.
4 Ghabh sé cathracha daingne Iúdá agus tháinig chomh fada le Iarúsailéim.
5 Thionól Rachabám agus ceannairí Iúdá láimh le Iarúsailéim nuair a bhí Síseac ag bagairt, agus tháinig an fáidh Seamaiá chucu agus dúirt sé leo: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Thréig sibhse mise, agus dá bhrí sin d'fhág mise sibhse i láimh Shíseac.’ ”
6 Ansin d'umhlaigh ceannairí Iúdá agus an rí iad féin agus dúirt: “Is cóir é an Tiarna.”
7 Nuair a chonaic an Tiarna gur umhlaíodar iad féin, tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá. “Rinne siad iad féin a umhlú,” dúirt sé, “agus ní dhéanfaidh mé iad a scriosadh. Fóirfidh mé orthu ar ball beag. Ní luífidh mo fhearg ar Iarúsailéim trí láimh Shíseac.
8 Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.”