6 Ansin d'umhlaigh ceannairí Iúdá agus an rí iad féin agus dúirt: “Is cóir é an Tiarna.”
7 Nuair a chonaic an Tiarna gur umhlaíodar iad féin, tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá. “Rinne siad iad féin a umhlú,” dúirt sé, “agus ní dhéanfaidh mé iad a scriosadh. Fóirfidh mé orthu ar ball beag. Ní luífidh mo fhearg ar Iarúsailéim trí láimh Shíseac.
8 Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.”
9 Tháinig Síseac rí ná hÉigipte aníos más ea in aghaidh Iarúsailéim, agus thug sé leis na seoda ó Theampall an Tiarna agus na seoda ón bpálás ríoga; thug sé gach rud leis, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh.
10 Ina n‑áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheata pháláis an rí.
11 Aon uair a théadh an rí chun an Teampaill, d'iompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin.
12 De bhrí gur umhlaigh sé é féin, d'iompaigh fearg an Tiarna uaidh agus níor scrios sé ar fad é. Bhí an scéal go maith acu in Iúdá.